Poems for Saint Patrick’s Day: Jenkinson, Davitt, Ó Searcaigh, Ní Dhomhnaill
Posted: March 17, 2013 Filed under: English, Irish | Tags: Poems for Saint Patrick's Day Comments Off on Poems for Saint Patrick’s Day: Jenkinson, Davitt, Ó Searcaigh, Ní DhomhnaillBiddy Jenkinson (born 1949)
“Cruit Dhubhrois”
.
Bruith do laidhre im théada ceoil
ag corraíl fós, a chruitire,
clingeadh nóna ar crith go fóill
im chéis is an oíche ag ceiliúradh.
.
Oíche thláith, gan siolla aeir,
a ghabhann chuici sinechrith
mo shreangán nó go dtéann falsaer
grá mar rithí ceoil faoin mbith,
.
Go gcroitheann criogar a thiompán,
go gcnagann cosa briosca míl,
go sioscann fionnadh liath leamhain,
go bpleancann damhán téada a lín.
.
Is tá mo chroí mar fhuaimnitheoir
do chuisleoirí na cruinne cé
ón uair gur dhein mé fairsing ann
don raidhse tuilteach againn féin.
.
Nuair a leagann damhán géag
go bog ar théada rite a líne
léimeann mo théada féin chun ceoil
á ngléasadh féin dod láimhseáil chruinn.
. . .
“The Harp of Dubhros”
.
Harper, hot your fingers still
stirring me on every string,
look, the night has climbed the hill
yet your noon-day strummings ring.
.
Balmy night bereft of air
slowly take the murmur-strain!
All that is, was ever there,
fugued to fullness and love’s reign.
.
Until the cricket’s drumming rasp,
and insect leg of silver gut,
grey moth-fur emits a gasp,
on music’s web the spider-strut!
.
A sounding box within my chest
for busy buskers everywhere,
for every decibel compressed
recurring in the brightening air.
.
When the spider tests his weave
sweetly on each glistening line:
all my harp-strings leap and heave
– knowing that the tuning’s fine.
.
Translation from Irish © Gabriel Rosenstock
. . .
Michael Davitt (1950 – 2005)
“An Sceimhlitheoir”
.
Tá na coiscéimeanna tar éis filleadh arís.
B’fhada a gcosa gan lúth gan
fuaim.
.
Seo trasna mo bhrollaigh iad
is ní féidir liom
corraí;
.
stadann tamall is amharcann siar
thar a ngualainn is deargann
toitín.
.
Táimid i gcúlsráid dhorcha gan lampa
is cloisim an té ar leis
iad
.
is nuair a dhírím air féachaint cé atá ann
níl éinne
ann
.
ach a choiscéimeanna
ar comhchéim le mo
chroí.
. . .
“The Terrorist”
.
The footsteps have returned again.
The feet for so long still
and silent.
.
Here they go across my breast
and I cannot
resist;
.
they stop for a while, glance
over the shoulder, light
a cigarette.
.
We are in an unlit backstreet
and I can hear who
they belong to
.
and when I focus to make him out
I see there is
no one
.
but his footsteps
keeping step with my
heart.
.
Translation from Irish: Michael Davitt / Philip Casey
. . .
Cathal Ó Searcaigh (born 1956)
“I gCeann Mo Thrí Bliana A Bhí Mé”
(do Anraí Mac Giolla Chomhaill)
.
“Sin clábar! Clábar cáidheach,
a chuilcigh,” a dúirt m’athair go bagrach
agus mé ag slupairt go súgach
i ndíobhóg os cionn an bhóthair.
“Amach leat as do chuid clábair
sula ndéanfar tú a chonáil!”
.
Ach choinnigh mé ag spágáil agus ag splaiseáil
agus ag scairtigh le lúcháir:
“Clábar! Clábar! Seo mo chuid clábair!”
Cé nár chiallaigh an focal faic i mo mheabhair
go dtí gur mhothaigh mé i mo bhuataisí glugar
agus trí gach uile líbín de mo cheirteacha
creathanna fuachta na tuisceana.
.
A chlábar na cinniúna, bháigh tú mo chnámha.
. . .
“When I was three”
(for Anraí Mac Giolla Chomhaill)
.
“That’s muck! Filthy muck, you little scamp,”
my father was so severe in speech
while I was messing happily
in my mud-trench by the road.
“Out with you from that muck
before you freeze to death!”
.
But I continued shuffling, having fun,
all the time screaming with delight:
“Muck! Muck! It’s my own muck!”
But the word was nothing in my innocence
until I felt the squelch of wellies
and, through the dripping of wet clothes,
the shivering knowledge of water.
.
Ah! Muck of destiny, you drenched my bones!
.
Translation from Irish © Thomas Mc Carthy
. . .
Nuala Ní Dhomhnaill (born 1952)
“Ceist na Teangan”
.
Cuirim mo dhóchas ar snámh
i mbáidín teangan
faoi mar a leagfá naíonán
i gcliabhán
a bheadh fite fuaite
de dhuilleoga feileastraim
is bitiúman agus pic
bheith cuimilte lena thóin
.
ansan é a leagadh síos
i measc na ngiolcach
is coigeal na mban sí
le taobh na habhann,
féachaint n’fheadaraís
cá dtabharfaidh an struth é,
féachaint, dála Mhaoise,
an bhfóirfidh iníon Fháiróinn?
. . .
“The Language Issue”
.
I place my hope on the water
in this little boat
of the language, the way a body might put
an infant
.
in a bucket of intertwined
iris leaves,
its underside proofed
with bituman and pitch.
.
then set the whole thing down amidst
the sedge
and bulrushes by the edge
of a river
.
only to have it borne hither and thither,
not knowing where it might end up;
in the lap, perhaps,
of some Pharaoh’s daughter.
.
Translation from Irish © Paul Muldoon
. . . . .